Rugadh é ar 5 Bealtaine 1936, a chuimhne ar a óige. As Baile an Bhuinneánaigh i gCiarraí a mháthair agus as Lios Tuathail a athair, gabha a bhí ann. Bhí col ceathar de Sheán ina shagart paróiste i dTiobráid Árainn agus bhí cúpla aintín de sna mná rialta. Nuair a bhí a mháthair ag dréim le Seán, níor glacadh leis agus nuair a rugadh an leanbh tugadh uirthi an leanbh a chur i ndílleachtlann i mBaile an Mhuilinn (Milltown) i gCiarraí agus thiocfadh léi é a fheiceáil ó am go ham, b’éigean dóibh díol ar a shon leis an leanbh a choinneáil. Stad siad ag díol an airgid agus cuireadh Seán ar aghaidh go Baile Átha Cliath go Dílleachtacht Naomh Phádraig (Saint Patrick’s). A chuimhne ar an am sin le linn an chogaidh i 1939 agus na haer-ruathair (air raid) ag dul ar aghaidh, iad ag gabháil isteach i bhfoscadán aer-ruathair ar fhoscadh nuair a bhí sé ina pháiste agus eagla air. Bhí sé breá socruithe ansin, sin an t-aon baile a bhí aithne aige air. | 00:07:06 | |